Dealraíonn an cráitéar tuinsimh seo réasúnta úr mar go bhfuil imeall géar air agus bail mhaith ar a eisteilgeáin.
Tá na fánaí géara inmheánacha snoíte ag altáin agus cuimsíonn, b’fhéidir, fánalínte athfhillteacha ar na fánaí le haghaidheanna don mheánchiorcal. Go minic bíonn fánaí géara, gníomhacha ag cráitéir úra, agus mar sin táimid ag monatóiriú an chráitéir seo chun a athruithe thar am a iniúchadh.
Is ilghnéitheach liteolaíocht an bhoinn freisin. Níl an cráitéar ach beagán níos mó ná 1 chiliméadar trasna.
Nóta: Nuair a deirimid “úr”, ciallaímid ar scála geolaíoch. Tá an cráitéar réasúnta aosta ar an scála daonna.
Aistriúchán: Matthew Hussey
uimhir:
ESP_040663_1415dáta faighte: 30 Márta 2015
airde: 254 km
NASA/JPL-Caltech/University of Arizona
https://uahirise.org/hipod/ga/ESP_040663_1415
#Mars #NASA #Gaeilge #Irish