Taispeánann an íomhá HiRISE seo clasáin chuisneacha ar fhána le haghaidh ó dheas taobh istigh de chráitéar.
Ag an am seo den bhliain ní choinníonn ach na fánaí ó dheas an sioc, ag an am céanna is atá na fánaí ó thuaidh tar éis leá. Ní hiad na clasáin an t-aon phróiseas geolaíoch atá gníomhach anseo. Tá cráitéar beag le feiscint ag bun an fhána.
Aistriúchán: Matthew Hussey
uimhir:
ESP_039114_1115dáta faighte: 30 Mí na Samhna 2014
airde: 253 km
NASA/JPL-Caltech/University of Arizona
https://uahirise.org/hipod/ga/ESP_039114_1115
#Mars #NASA #Gaeilge #Irish