HiPOD 03 Meitheamh 2020 
Dumhcha Cruinneachánacha is Corránacha i gCráitéar Newton

Dumhcha Cruinneachánacha is Corránacha i gCráitéar Newton
Léiríonn an breathnú seo ceantar beag dumhcha gainimh ar urlár Cráitéar Newton, cráitéar timpeall 300 ciliméadar trasna i leathsféar theas Marsa.

Léiríonn an íomhá dumhcha cruinneachánacha is corránacha araon. Faightear an dá shaghas seo duimhche ar domhan freisin. Bíonn dumhcha corránacha ach go háirithe coiteann ar domhan, agus den chuid is mó bíonn siad corránchruthach le haghaidh ghéar sciorrtha teorannaithe ag adharca treoshuite le treo na gaoithe. Foirmítear dumhcha corránacha ag gaotha aontreocha agus is táscairí maithe iad ar threo ceannasach na gaoithe.

Sa chás seo, níl adharca na ndumhcha corránacha róleithleach ach féachann gur shéid na gaotha is láidre ionann is ón taobh thoir theas go dtí an taobh thiar thuaidh. Tabhair faoi deara na patrúin a fhoirmíonn timpeall ar stríoc geal amháin san treo céanna leis an ngaoth taobh thiar de chráitéar i lár na híomha.

Aistriúchán: Matthew Hussey

uimhir: ESP_038117_1385
dáta faighte: 13 Meán Fómhair 2014
airde: 253 km

NASA/JPL-Caltech/University of Arizona
https://uahirise.org/hipod/ga/ESP_038117_1385
#Mars #NASA #Gaeilge #Irish


Tá an dubh agus geal níos lú ná 5 km trasna; tá an dath bréagach ní lú ná 1 km.