HiPOD 02 Meitheamh 2020 
Stríoca Geala Claonta i gCríoch Arabia

Stríoca Geala Claonta i gCríoch Arabia
Léiríonn an breathnú seo stríoca claonta geala is dorcha i gcráitéir i réigiún Críoch Arabia.

Tá foirmiú stríoc claonta i measc an bheagán próiseas a bhfuilimid cinnte go bhfuil siad gníomhach i láthair na huaire ar Mhars. Tá conspóid ann fós ar an gcúis a d’fhéadfadh a bheith leis na stríoca claonta, agus moladh próisis idir thirim is fliuch chun a bhfoirmiú a mhíniú. Den chuid is mó creidtear go bhfoirmítear iad trí ghluaiseacht ghainimh fhíor-thirim nó dheannaigh fhíor-mhínghráinnigh, tiomáinte le himtarraingt ar mhodh beagnach silteach (cosúil le maidhm sneachta dhomhanda), chun ábhar íochtarach níos doirche a nochtadh.

Is óige na stríoca claonta is doirche agus feictear iad ag gearradh trasna is ag luí anuas ar na stríoca níos sine le tonú níos gile. Meastar gurb é atá sna stríoca le tonú geal ná stríoca dorcha atá ag gealadh le himeacht ama de réir mar a fhosaítear deannach nua ar a ndromchlaí. Nuair a tharlaíonn siad, bíonn na stríoca claonta dorcha níos flúirsí de ghnáth ná na stríoca geala. Sa limistéar seo áfach, feictear go bhfuil stríoca claonta geala leithleacha níos flúirsí ach go háirithe sa dá chráitéar níos lú ar an dá thaobh den chráitéar mór i lár na híomhá.

Aistriúchán: Matthew Hussey

uimhir: ESP_038044_1965
dáta faighte: 07 Meán Fómhair 2014
airde: 279 km

NASA/JPL-Caltech/University of Arizona
https://uahirise.org/hipod/ga/ESP_038044_1965
#Mars #NASA #Gaeilge #Irish


Tá an dubh agus geal níos lú ná 5 km trasna; tá an dath bréagach ní lú ná 1 km.