HiPOD 01 Meitheamh 2020 
Laibhesreabha maothánacha forluite i bPlána Daedalia

Laibhesreabha maothánacha forluite i bPlána Daedalia
Athraíonn na laibhesreabha ó dheas ó Shliabh Arsia i bPlána Daedalia ó shreabha óga le deilbheolaíochtaí fadaithe, casta ar an taobh thoir thuaidh, do sheanmhaotháin leathana is leathánshreabha ar an taobh thiar theas. (Is é an t-amscála garbh atá i gceist againn anseo ná 100 milliún go dtí 1 bhilliún bliain.) Ag imeall deisceartach réigiún Tharsis, ionannaíodh plánaí bolcánacha, níos sine fós, b’fhéidir 3 bhilliún bliain d’aois, mar a dhéanann sreabha Tharsis teagmháil leis na hardchríocha seanársa.

Ligeann ard-taifeach íomhánna HiRISE d’atógáil na ndromchlaí bolcánacha coimpléascacha, ag cuimsiú líniú maothán aonarach sreafa is forshuíomh na ngaolta taobh istigh de réimse sreafa. Léiríonn an íomhá seo teagmháil idir dhá shreabh óga, fhadaithe go dtí an taobh thoir thuaidh. Is féidir líon maith cráitéir thuinsimh bheaga, fhorluite a úsáid chun iallach choibhneasta is dearbhiallach aoise a dhíorthú do shreabh aonarach is do sheiceimh shreabha.

Aistriúchán: Matthew Hussey (Fuaim: Cearbhall Ó Síocháin)

uimhir: ESP_037641_1560
dáta faighte: 07 Lúnasa 2014
airde: 253 km

NASA/JPL-Caltech/University of Arizona
https://uahirise.org/hipod/ga/ESP_037641_1560
#Mars #NASA #Gaeilge #Irish


Tá an dubh agus geal níos lú ná 5 km trasna; tá an dath bréagach ní lú ná 1 km.