HiPOD 31 Bealtaine, 2020 
Sioc Buan i gCráitéar ar na Plánaí ó Thuaidh

Sioc Buan i gCráitéar ar na Plánaí ó Thuaidh
Is neamhbhuan an chuid is mó den oighear ar Mhars. Is é atá sna fosuithe sraithaithe molacha ná cairn doimhne oighir bhuain uisce ag gach mol, agus is féidir gurb é atá sa chaipín fuilligh ag an Mol Theas ná sraith bhuan (más dinimiciúil é) oighir dhéocsaíd charbóin. Ag leithid níos ísle áfach, tagann is imíonn sioc séasúrach (CO2 den chuid is mó, ach roinnt oighir uisce) gach bliain.

Faightear roinnt asluiteach oighir uisce i ngar d’fhosuithe sraithithe an Mhoil Thuaidh. I gcuid mhaith chásanna tá siad seo carntha chuig thiúis shuntasacha, mar atá i gCráitéar Lú. Sa chás seo, bhí sraith thanaí sheaca ghil infheicthe san íomhá HiRISE san samhradh luath, agus í ag clúdach cuid d’fhalla an chráitéir. Bhí an tiús beag, áfach - is beag iarmhairt atá infheicthe ar thopagrafaíocht an chráitéir. Rinne HiRISE grinniú ar an ionad seo le linn an chuid eile den séasúr agus fuair amach gur mhair an t-oighear i rith an tsamhraidh go léir, agus mar sin is paiste buan oighir é seo, bíodh is gur chrap na himill rud beag thar an samhradh.

Níl an dhéocsaíd charbóin cobhsaí faoi choinníolacha an tsamhraidh, agus mar sin is dócha gur paiste oighir uisce é seo. Is féidir go bhfuil sé ag céimeanna luatha an charntha, nó gur tanaí an méid cothromaíochta oighir i gcráitéar beag réasúnta fada ón mhol.

Airí eile den chráitéar seo nach bhfuil míniú air go fóill is ea na smearthaí dorcha leadránacha atá infheicthe ar urlár an chráitéir. Féachann siad seo cosúil le “spotaí díshioctha” a bhíonn infheicthe ar oighear déocsaíd charbóin go luath san earrach, ach amháin go dtarlaíonn siad i limistéir atá saor ó shioc agus maireann siad i rith an tsamhraidh.

Aistriúchán: Matthew Hussey

uimhir: ESP_037551_2540
dáta faighte: 31 Iúil 2014
airde: 319 km

NASA/JPL-Caltech/University of Arizona
https://uahirise.org/hipod/ga/ESP_037551_2540
#Mars #NASA #Gaeilge #Irish


Tá an dubh agus geal níos lú ná 5 km trasna; tá an dath bréagach ní lú ná 1 km.