HiPOD 30 Bealtaine, 2020 
Deascadh Geal in Anord Arsinoes

Deascadh Geal in Anord Arsinoes
Tá mar chuspóir ag an mbreathnú seo scrúdú a dhéanamh ar dheascadh geal i réigiún de limistéar a dtugtar “réimse anordúil talún” air ag bun córas cainneoin Ghleann Marineris.

Léiríonn an deascadh dromchla garbh, i gcodarsnacht le réidhe an limistéir máguaird. Féachann roinnt chodanna den dromchla mar a bheadh siad cnaíte ag sreabhán ag rith ón taobh thuaidh don taobh deas, nó b’fhéidir dealbhaithe ag an ngaoth.

Tá an limistéar seo infheicthe in íomhá Cheamara Chomhthéacs freisin. Is féidir go bhfuil gaol idir an deascadh seo is deascthaí srathaithe inmheánacha i nGleann Marineris mar a mhaíodh gur fhoirmigh siad loch ársa.

Aistriúchán: Matthew Hussey

uimhir: ESP_037545_1730
dáta faighte: 31 Iúil 2014
airde: 268 km

NASA/JPL-Caltech/University of Arizona
https://uahirise.org/hipod/ga/ESP_037545_1730
#Mars #NASA #Gaeilge #Irish


Tá an dubh agus geal níos lú ná 5 km trasna; tá an dath bréagach ní lú ná 1 km.