Is misean i gClár Fionnachtana NASA (Riarachán Náisiúnta Aerloingseoireachta is Spáis) é InSight (Taiscéaladh an Choda Inmheánaí ag baint feidhme as Fiosruithe Seismeacha, Geodasaíocht is Aistriú Teasa) a chuirfidh árthach geoifisiciúil amháin tuirlingthe ar Mhars i Meán Fómhair 2016
chun staidéar a dhéanamh go domhain ar a chuid inmheánach.
Is riachtanach go bhfaigheadh InSight comharthaí seismeacha, agus bealach cinnte amháin chun iad a fháil is ea ó thuinsimh na mbóilídí ar dhromchla Marsa. Is féidir le hInSight tuinsimh mhóra a tharlaíonn i bhfad ón árthach tuirlingthe a bhrath, agus tuinsimh bheaga níos gaire dó.
San íomhá HiRISE úrnua seo, a ghlacadh chun láthair thuirlingthe a deimhniú don mhisean,
léirítear cráitéar dearscnaitheach le himeall an-ghéar is eisteilgeáin atá níos doirche is níos goirme ná beagnach iomláine an réigiúin dheannach-chlúdaithe seo. Ní mór gur tuinseamh an-úrnua é seo mar nach raibh dóthain ama chun go luífeadh an deannach atmaisféarach ar fud an bhaill is go n-athghealódh sé an dromchla.
Le fírinne, maíonn iomhánna a ghlacadh roimhe seo gur fhoirmíodh é idir 2008 is 2012. Léiríonn sé seo an saghas airí a mbeidh na ceamaraí fithisithe sa tóir orthu le linn an mhisin InSight, chun iarracht a dhéanamh comharthaí seismeacha a chomhghaolú le pointe a mbunús.
Aistriúchán: Matthew Hussey
uimhir:
ESP_037328_1845dáta faighte: 14 Iúil 2014
airde: 273 km
NASA/JPL-Caltech/University of Arizona
https://uahirise.org/hipod/ga/ESP_037328_1845
#Mars #NASA #Gaeilge #Irish