HiPOD 04 Márta 2020 
Cráitéar Aisteach

Cráitéar Aisteach

Cráitéar Aisteach
Tá cuma éagoitianta ar an airí seo, mar a bheadh cosa ag an gcráitéar le méara cosa ag gobadh amach as an dá thaobh. Déanaimis iarracht ar í seo a mhíniú.

Ar dtús, tharla imeacht tuinsimh an-fhéir, inar imbhuail an bhóilíd (nó dreigít) an talamh is í ag eitilt geall le cothrománach thar an dromchla. Bíonn an claonadh ann go seolann tuinsimh fhiara mar seo eisteilgeáin san dá threo ar dhá thaobh ruthag na bóilíde, de rogha ar gach treo mórthimpeall an chráitéir. Ach bhí oighear i ngar don dromchla, is é clúdaithe is cosanta ag na heisteilgeáin, agus, am éigin níos déanaí, néalaigh an t-oighear nach raibh cosanta, ionas go bhféachann na heisteilgeáin go háirithe tiubh anois.

Chomh maith leis sin bhí cisil deannaigh (b’fhéidir le hoighear) fosaithe taobh istigh den chráitéar. Nó b’fhéidir go dtarla rud éigin eile ar fad, ach amháin go raibh baint éigin ag an oighear a thagann is a imíonn i réigiúin mheánleithid ar Mhars.

Aistriúchán: Matthew Hussey (Fuaim: Cearbhall Ó Síocháin)
uimhir: ESP_037237_1435
dáta faighte: 07 Iúil 2014
airde: 253 km

NASA/JPL-Caltech/University of Arizona
https://uahirise.org/hipod/ga/ESP_037237_1435
#Mars #NASA #Gaeilge #Irish


Tá an dubh agus geal níos lú ná 5 km trasna; tá an dath bréagach ní lú ná 1 km.