HiPOD 20 Feabhra 2020 
Cóin is Sreabha Aisteacha

Cóin is Sreabha Aisteacha
Léiríonn ceann tuaisceartach na híomhá fada seo dromchla laibhe i ndeisceart Plána Elysium. Is coiteann go mbíonn cóin bheaga ar na tuil-laibhí óga forleathana sa réigiún seo.

Tá na cóin anseo níos mó ná mar is gnách, agus iad ag druidim i ngar do mhéid chóin ghrábhóg. An rud atá aisteach amach is amach anseo is ea go bhfuil na cóin comhthiomsaithe le limistéir níos gile le patrúin pholagónacha. Bíonn cóin mar seo infheicthe de ghnáth ar na ranna níos dlúithe de laibheshreabha, fad a bhíonn screamh níos cnapánaí, níos lú dlúis, ag na limistéir níos gairbhe.

Ach tá cruthanna na réigiún seo neamhchoitianta, agus maíonn an comhthiomsú le cóin gurbh bunchraois laibhesreabha logánta na cóin. Ach is féidir go mbeadh mínithe eile freisin.

Aistriúchán: Matthew Hussey
uimhir: ESP_037222_1820
dáta faighte: 05 Iúil 2014
airde: 272 km

NASA/JPL-Caltech/University of Arizona
https://uahirise.org/hipod/ga/ESP_037222_1820
#Mars #NASA #Gaeilge #Irish


Tá an dubh agus geal níos lú ná 5 km trasna; tá an dath bréagach ní lú ná 1 km.