HiPOD 20 Meitheamh 2020 
Mullán Neamhrialta, ina Cholgsheasamh

Mullán Neamhrialta, ina Cholgsheasamh
Roghnaíomar an limistéar seo de bhrí go léiríonn sé “réimse anordúil talún”, mar a dtugtar air, a bhfuil roinnt mhaith fánaí géara ann.

Léiríonn an pictiúr garamhairc mhullán nó charracán ag caitheamh scáth fada ag bun loirg síos an fhána. Is féidir linn a fheiscint gur ghluais sé ón uachtar ar clé go dtí leathshlí síos ar dheis, i leith is nach raibh an mullán in ann rolladh go díreach mar thoradh ar a chruth.

Taispeánann uillinn na gréine is fad an scátha go bhfuil an mullán timpeall 6 mhéadar ar airde, ag an am céanna is atá a leithead ón taobh thuas ar éigin 3.5 méadar, agus mar sin is dearfa go bhfuil cruth neamhrialta aige. Ina theannta sin tháinig sé chun stad lena ais fhada dírithe suas.

Aistriúchán: Matthew Hussey
Guth: Aoife Crawford

uimhir: ESP_037190_1765
dáta faighte: 03 Iúil 2014
airde: 264 km

NASA/JPL-Caltech/University of Arizona
https://uahirise.org/hipod/ga/ESP_037190_1765
#Mars #NASA #Gaeilge #Irish


Tá an dubh agus geal níos lú ná 5 km trasna; tá an dath bréagach ní lú ná 1 km.