HiPOD 02 Feabhra 2020 
Fosú Geal Rúndiamhrach i gCráitéar Vinogradov

Fosú Geal Rúndiamhrach i gCráitéar Vinogradov
Cráitéar tuinsimh seanársa atá díghrádaithe go trom is ea Vinogradov, é 224 ciliméadar i dtrastomhas, i gCríoch Margaritifer.

Tá urlár thoir theas Vinogradov clúdaithe le roinnt mhaith “bhall”, iad geal, níos lú ná méadar trasna, le cisealú folasach in easnamh iontu. In áiteanna áirithe, is cosúil gur líon an t-ábhar geal cráitéir a bhí ann roimhe chun cuma chiorclach a thabhairt do na “baill”.

Treoshuíomh ón taobh thiar thuaidh go dtí an taobh thoir theas atá ag an ábhar geal seo, is tá claonadh aige a bheith i gcaidreamh le fosú mín atá níos dorcha. Is féidir go bhfuil gaol éigin ag an ábhar seo le heisteilgeáin ó chráitéar in aice láimhe, nó cnaíte ó imeall Vinogradov, nó curtha ann ag próiseas éigin eile.

Aistriúchán: Matthew Hussey (Fuaim: Cearbhall Ó Síocháin)

uimhir: ESP_037163_1590
dáta faighte: 01 Iúil 2014
airde: 258 km

NASA/JPL-Caltech/University of Arizona
https://uahirise.org/hipod/ga/ESP_037163_1590
#Mars #NASA #Gaeilge #Irish


Tá an dubh agus geal níos lú ná 5 km trasna; tá an dath bréagach ní lú ná 1 km.