HiPOD 01 Feabhra 2020 
Sraitheanna is Gaineamh ar Urlár Cráitéar Schiaparelli

Sraitheanna is Gaineamh ar Urlár Cráitéar Schiaparelli
Is struchtúr ilfháinneach 460 ciliméadar ar leithead é Cráitéar Schiaparelli. Ach is cráitéar an-éadomhain é, líonta, de réir dealraimh, ag ábhair níos óige cosúil le laibhe is/nó dríodair aibhneacha is gaothacha.

Tá an chuid is mó den urlár clúdaithe le ciseal éadomhain deannaigh, ach in áiteanna mar a bhfuil paistí gainimh dhorcha, tá buncharraig ann freisin atá nochta go maith. Is coitianta an comhcheangal gainimh is buncharraige seo ar Mhars, agus is ródhócha go bhfuil an gaineamh ag preabadh go gníomhach (ag léimneach sa ghaoth) is ag speacadh an deannaigh amach.

Léiríonn íomhá ghearrthóige le dathanna breisithe buncharraig gheal, a bhfuil moirfeolaíocht aici cosúil le fosuithe eile ar Mhars. Mínítear é seo mar fhosuithe seanársa deannaigh a cruadh ina mbuncharraig.

Aistriúchán: Matthew Hussey

uimhir: ESP_037161_1785
dáta faighte: 01 Iúil 2014
airde: 269 km

NASA/JPL-Caltech/University of Arizona
https://uahirise.org/hipod/ga/ESP_037161_1785
#Mars #NASA #Gaeilge #Irish


Tá an dubh agus geal níos lú ná 5 km trasna; tá an dath bréagach ní lú ná 1 km.