HiPOD 30 Eanáir 2020 
Clasáin Seaca

Clasáin Seaca
Trí staidéar a dhéanamh ar na limistéir chéanna thar thréimhsí fada ama, léiríonn ár n-íomhána go dtarlaíonn foirmiú clasán ar Mhars sa gheimhreadh is go luath san earrach ag amanna is in áiteanna le sioc ar an talamh.

Thógamar an íomhá seo go déanach sa gheimhreadh, is leanann an sioc nó an t-oighear (a bhfeictear mar limistéir bhána) ar na fánaí atá dírithe ó dheas is nach bhfuair ach íosmhéid de sholas na gréine chuige sin.

Tá na mullaigh idir ascaillí na gclasán, a bhfaigheann níos mó solais, scothdhearg is saor ó shioc den chuid is mó. Níl aon ghníomhaíocht nua chlasán follasach sa íomhá seo. Is féidir go bhfuil cothromaíocht fhíneálta i gceist: blianta áirithe spreagfaidh an sioc (a bhíonn suas le méadar ar thiús) maidhmeanna, ach ní dhéanann amhlaidh an chuid is mó den am. Is éard atá sa sioc seo den chuid is mó ná déocsaíd charbóin (oighear tirim) ach bíonn roinnt bheag oighear uisce ann freisin.

Aistriúchán: Matthew Hussey

uimhir: ESP_037137_1360
dáta faighte: 29 Meitheamh 2014
airde: 254 km

NASA/JPL-Caltech/University of Arizona
https://uahirise.org/hipod/ga/ESP_037137_1360
#Mars #NASA #Gaeilge #Irish


Tá an dubh agus geal níos lú ná 5 km trasna; tá an dath bréagach ní lú ná 1 km.