HiPOD 29 Eanáir 2020 
Dríodair Sheanársa Locha i gCráitéar

Dríodair Sheanársa Locha i gCráitéar
Léiríonn an íomhá seo roinnt ábhar spéisiúil briste ar urlár cráitéar thuinsimh i gCríoch Arabia.

Tá cainéal le feiscint ag dul isteach ann is ag imeacht amach as. Maíonn an cainéal seo, chomh maith le fosú neamhchoitianta ar an gcuid is íochtaraí den urlár, go raibh loch seanársa ann uair amháin a leag dríodair anuas anseo.

Léiríonn ár n-íomha le dathanna breisithe fosuithe srathaithe, cuid acu le patrúin pholagónacha, mar a bheadh coinne leis ó fhosuithe locha. Is féidir gur tharla briseadh na bhfosuithe seo mar thoradh ar bhearnú tobann imeall an chráitéir, rud a lig an loch.

Aistriúchán: Matthew Hussey

uimhir: ESP_037122_2165
dáta faighte: 28 Meitheamh 2014
airde: 296 km

NASA/JPL-Caltech/University of Arizona
https://uahirise.org/hipod/ga/ESP_037122_2165
#Mars #NASA #Gaeilge #Irish


Tá an dubh agus geal níos lú ná 5 km trasna; tá an dath bréagach ní lú ná 1 km.