HiPOD 27 Eanáir 2020 
Láithreán Féideartha Tuirlingthe i nDroim Aram don bhFánaí ExoMars

Láithreán Féideartha Tuirlingthe i nDroim Aram don bhFánaí ExoMars
Ceann de na gnóthaí tábhachtacha atá ag HiRISE is ea íomhánna ardthaifigh a ghlacadh de láithreáin fhéideartha thuirlingthe i gcomhair mhisin tuirlingthe amach anseo.

San íomhá seo tá an limistéar a dtugtar Droim Aram air (dá ngairtear Clár Oxia, a sheanainm, air freisin) a maíodh don bhFánaí ExoMars 2018/2020, de bhrí go gcuimsíonn sé córas glárach seanársa a ardaíodh aníos.

Tá gá le híomháú chun faichí ollcharraigeacha is baic eile a bhraith, chomh maith le húdar maith eolaíoch a chinntiú le haghaidh láithreán a roghnú. Is cuid amháin an íomhá seo de rud a dtugtar steiréibhreathnú air, mar a ligeann radharc, ag uillinn eile ó fhithis eile, den limistéar céanna, samhail thríthoiseach (samhail dhigiteach an réimse talún) a ullmhú. Leis an samhail seo, is féidir tomhais chruinne na bhfánaí a dhéanamh. Bíodh is nach léireoidh sí seo an córas glárach a ardaíodh aníos, is gá na híomhánna den limistéar chun an láithreán tuirlingthe a shainniú.

Cuimsíonn príomhíomhá an Droim Aram cráitéar tuinsimh réasúnta úrnua le trastomhas 150 méadar is le mulláin ghaolmhara. Freisin léiríonn an chuid bheag seo (cearnóg 1 chiliméadar) comharthaí cnaí ina ardchlár atá ina luí anuas, chomh maith le foirmiú úrnua trasmhullach gaothach (a dtugtar TAR orthu ó na túslitreacha Béarla) taobh istigh den ghleann comhthorthach. Den chuid is mó, áfach, is beag bac atá san láithreán seo d’árthach tuirlingthe.

Aistriúchán: Matthew Hussey (Fuaim: Cearbhall Ó Síocháin)
uimhir: ESP_037030_1880
dáta faighte: 20 Meitheamh 2014
airde: 275 km

NASA/JPL-Caltech/University of Arizona
https://uahirise.org/hipod/ga/ESP_037030_1880
#Mars #NASA #Gaeilge #Irish


Tá an dubh agus geal níos lú ná 5 km trasna; tá an dath bréagach ní lú ná 1 km.