Ag Mol Thuaidh Marsa tá cruinneachán sraitheanna oighreacha suas le 2 chiliméadar ar thiús, atá cosúil go garbh leis na hoighearchaidhpeanna sa Ghraonlainn nó san Aigéan Antartach.
Bíodh is nach bhfuil sé infheicthe anseo, tá umair bhíseacha thréitheacha gearrtha sa chruinneachán agus léiríonn siad seo na hoird shraitheanna a meastar a fhreagraíonn do na coinníolacha athraitheacha aeráide thar an am nuair a bhí siad á ndeacsadh ar dtús. Is íomhá í seo de limistéar ar dhromchla uachtarach an chruinneacháin mholaigh idir na humair - plánaí cothroma, ollmhóra, míne den chuid is mó, comhdhéanta as sraitheanna tanaí oighear uisce an-íon. Léiríonn an íomhá seo freisin go bhfuil uigeacht gharbh ag an sraith thanaí oighir seo, comhdhéanta as cnapanna, mullaí, is logáin ar scála 1 - 10 mhéadar.
Táthar ar éigin tosaithe ar an uigeacht seo a scrúdú le hacmhainní ardtaifigh HiRISE - athraíonn mionphointí na huigeachta thart ar an gcaipín molach, ach níl sé soiléir fós céard atá taobh thiar den athrú. Tá dhá airí san íomhá seo a bhfuil suim ar leith ag baint leo. Ceann amháin díobh seo is ea go n-íslíonn an dromchla isteach i logán i dtreo an taoibh thiar theas, mar a fhéachann sé go n-athraíonn uigeacht an dromchla oighrigh. Is é an ceann eile go bhfuil briseadh nó slabhra poll sa taobh thoir theas, airí a tharlaíonn go hannamh.
Is tábhachtach iad gile, comhdhéanamh, uigeacht, agus airíonna mionscála na sraith oighir seo a chlúdaíonn an chuid is mó den chruinneachán molach, de bhrí go bhfágann siad rian ar an gcothromaíocht áitiúil fhuinnimh (ar an méid de sholas na gréine a fhrithchaitear is a ionsúitear, mar shampla), agus fágann sé sin rian ar an aeráid ar fud limistéar an mhoil agus ar chobhsaíocht an oighir.
Aistriúchán: Matthew Hussey
uimhir:
ESP_036867_2655dáta faighte: 08 Meitheamh 2014
airde: 317 km
NASA/JPL-Caltech/University of Arizona
https://uahirise.org/hipod/ga/ESP_036867_2655
#Mars #NASA #Gaeilge #Irish