Léiríonn an íomhá seo cráitéar tuinsimh a gearradh ag laibhe i réigiún Plána Éilisiam ar Mhars. Tá an cuma ar an urlár cuíosach maol, ar uigeacht gharbh an dromchla, agus ar na scoilteanna fuaraithe (b’fhéidir) go raibh an cráitéar leathlánaithe le laibhe. Léiríonn cuid thuaisceartach na híomhá deascadh laibhesreibhe níos fairsinge a thimpeallaíonn eisteilgeáin thuinsimh an chráitéir thuinsimh is mó san íomhá.
Cén treo inar shreabh an laibhe? Is féidir go mbeadh an cuma air gur shreabh an laibhe ón tuaisceart isteach tríd an chainéal sa chráitear leathlán.
Má fhéachann tú, áfach, ar an anaiglif le do spéaclaí tríthoiseacha (3D) dearga is gorma, tagann sé soiléir go bhfuil an cráitéar leathlán suite anuas ar phluid eisteilgeán an chráitéir mhóir, ionas go bhfuil sé níos airde ná an laibhesreabh ó thuaidh. Os rud é nach sreabhann laibhe suas an cnoc, ciallaíonn sé seo nach bhfuil an míniú chomh simplí sin
Tá roinnt mhaith fhianaise feicthe againn faoi laibhesreabha sa réigiún seo a shreabh chuig airdí i bhfad níos mó ná an dromchla seo, agus a thraoith ansin nó a thaosc chun siúil. Is féidir gur tharla sé seo anseo: shreabh an laibhe ón tuaisceart don deisceart chun an cráitéar a líonadh, ach ansin thaosc sí ar ais ó thuaidh, ag snoí an chainéil seo ar an mbealach.
Lig an t-eolas topagrafach breise a bhfuaireamar trí úsáid a bhaint as an steiréipéire ceist a réiteach, rud nárbh fhéidir linn a dhéanamh le haon íomhá amháin. Is eiseamláir bhreá í seo ar cén fáth a dtógaimid steiréi-íomhánna, chun gur féidir an dá íomhá a úsáid chun íomhá 3D a chruthú.
Aistriúchán: Matthew Hussey
uimhir:
ESP_035969_1825dáta faighte: 30 Márta 2014
airde: 272 km
NASA/JPL-Caltech/University of Arizona
https://uahirise.org/hipod/ga/ESP_035969_1825
#Mars #NASA #Gaeilge #Irish