Is réigiún ar Mhars é Sásar Níle ina bhfuil dumhcha is tonnáin ag gluaiseacht go tapa. Leanann HiRISE ag déanamh monatóireachta ar an limistéar seo gach re mí chun na hathruithe a fheiscint ar scálaí ama séasúracha is bliantúla.
Feicimid anseo gníomhaíocht shoiléir thar thréimhse níos lú ná dhá bhliain dhomhanda. Tá trí athruithe starraiceacha soiléir: 1) tá na dumhcha ag ascnamh, le díláithrithe de roinnt mhéadar in áiteanna áirithe; 2) ghabh na tonnáin ar dhromchlaí na ndumhcha tríd an oiread sin athraithe nach féidir a loirg a leanúint go muiníneach thar an tréimhse ama seo; 3) léiríonn na haghaidheanna ar thaobh na fothana madhmanna nua. Taispeánann na torthaí seo gur limistéir ascnaimh ghníomhaigh ghainimh is chnaí thírdhreacha iad Sásar Níle, agus réigiúin eile cosúil leis ar Mhars.
Aistriúchán: Matthew Hussey (Fuaim: Cearbhall Ó Síocháin)
uimhir:
ESP_028575_1890dáta faighte: 31 Lúnasa 2012
airde: 271 km
NASA/JPL-Caltech/University of Arizona
https://uahirise.org/hipod/ga/ESP_028575_1890
#Mars #NASA #Gaeilge #Irish