HiPOD 22 Meitheamh 2021 
TARaí atá i mBandaí in Iapygia

TARaí atá i mBandaí in Iapygia
Is coiteann go mbíonn trópaicí Marsa in gcosair-easair le tonnáin bheaga gheala a chruthaíodh ar bhealach éigin ag an ngaoth. Tugtar “trasmhullaí gaothacha” (nó TARaí ó na túslitreacha Béarla) ar na gnéithe seo a sheasann suas le 6 mhéadar in airde is atá scartha cúpla deich méadar óna chéile. Bíonn siad treoshuite de réir cineáil go trasnach le treonna nua-aoiseacha na gaoithe, agus faightear iad go minic i gcainéil is taobh istigh de chráitéir. Ní heol fós céard iad na próisis a chruthaíonn na gnéithe seo. Ní Iéiríonn an chuid is mó de na TARaí aon fhianaise de struchtúr inmheánach, agus mar sin is deacair conas a fhoirmíodh iad a thabhairt chun grinnis go beacht.

Míniú amháin a d’fhéadfadh a bheith ar an srathú aisteach seo is ea go ndearnadh na TARaí ar leith seo as sraitheanna dingchruthacha, mar a léirítear sa trasghearradh scéimreach a thaispeánann struchtúr infeirithe na dTARaí. Dá m’fhíor an hipitéis seo, chiallódh sé gur fhás na tonnáin go hingearach thar am, de réir mar a d’fhuill ábhar ar bharra na n-iomairí. Mhaífeadh sé freisin gur thug na fánaí atá i mbandaí a n-aghaidheanna i gcoinne na gaoithe.

Is féidir go gcuirfeadh an breathnú seo leid luachmhar ar fáil d’fhoirmiú TARaí in áiteanna eile ar Mhars, má tá struchtúr inmheánach den saghas céanna acu nach féidir a fheiscint de bhrí go bhfuil siad comhdhéanta as ábhair aonchineálacha de dhath aonfhoirmeach.

Aistriúchán: Matthew Hussey (Fuaim: Cearbhall Ó Síocháin)
uimhir: ESP_020782_1610
dáta faighte: 01 Eanáir 2011
airde: 259 km

NASA/JPL-Caltech/University of Arizona
https://uahirise.org/hipod/ga/ESP_020782_1610
#Mars #NASA #Gaeilge #Irish


Tá an dubh agus geal níos lú ná 5 km trasna; tá an dath bréagach ní lú ná 1 km.