Is é a bhí i gceist leis an mbreathnú seo ná íomhá d’eisteilgeáin Liu Hsin, ach mar mhalairt, breathnaíodh ceo agus/nó scamaill. Ag an leithead seo -- ionann agus 50 céim theas -- níl sé go hiomlán gan choinne go bhfaighfí roinnt scamall leis an soilsiú ag athrú go tapa agus an sioc uisce-oighir ag néalú isteach san atmaisféar.
De bhrí gur dearadh HiRISE go príomhúil le haghaidh thaighde gheolaíoch ar dhromchla Marsa, baineann pleanálaithe HiRISE feidhm as íomhánna óna comhionstraim MARCI chun iarracht a dhéanamh drochaimsir a sheachaint ar Mhars. Ach mar a tharlaíonn ar Domhan, ní bhíonn an aimsir i gcónaí inréamhinste.
Aistriúchán: Matthew Hussey
uimhir:
ESP_020158_1275dáta faighte: 14 Mí na Samhna 2010
airde: 251 km
NASA/JPL-Caltech/University of Arizona
https://uahirise.org/hipod/ga/ESP_020158_1275
#Mars #NASA #Gaeilge #Irish