HiPOD 18 Meitheamh 2021 
Laibhesreabh i nGar do Bhun Sliabh Olympus

Laibhesreabh i nGar do Bhun Sliabh Olympus
Taispeánann an íomhá seo cainéal laibhe, a luíonn beagnach soir ón mbolcán is mó sa ghrianchóras: Sliabh Olympus.

Féachann sé go bhfuil an cainéal neamhleanúnach, sa chiall go dtéann sé as radharc roinnt mhaith uaireanta feadh a fhaid, ach le fírinne, is dócha go leanann an cainéal faoin talamh mar fheadán laibhe.

Is réasúnta coitianta airíonna mar seo ag ionaid bholcánacha dhomhanda, cosúil le hOileán Mór Haváí. Féachann sé gur líonadh an cainéal le deannach is gaineamh, ionas nach bhfuil bealach isteach an phluaisfheadán laibhe le feiscint a thuilleadh ag an ionad ar leith seo; tráthúil go leor tugadh é seo faoi ndeara in áiteanna eile ar Mhars.

Aistriúchán: Matthew Hussey

uimhir: ESP_020090_1985
dáta faighte: 08 Mí na Samhna 2010
airde: 276 km

NASA/JPL-Caltech/University of Arizona
https://uahirise.org/hipod/ga/ESP_020090_1985
#Mars #NASA #Gaeilge #Irish


Tá an dubh agus geal níos lú ná 5 km trasna; tá an dath bréagach ní lú ná 1 km.