Cráitéar Tuinsimh Nua i ngar do Réigiún Tuirlingthe InSight de chuid NASA
NASA/JPL-Caltech/UArizona
Cráitéar Tuinsimh Nua i ngar do Réigiún Tuirlingthe InSight de chuid NASA
ESP_037328_1845
Béarla   

twitter 
Is misean i gClár Fionnachtana NASA (Riarachán Náisiúnta Aerloingseoireachta is Spáis) é InSight (Taiscéaladh an Choda Inmheánaí ag baint feidhme as Fiosruithe Seismeacha, Geodasaíocht is Aistriú Teasa) a chuirfidh árthach geoifisiciúil amháin tuirlingthe ar Mhars i Meán Fómhair 2016 chun staidéar a dhéanamh go domhain ar a chuid inmheánach.

Is riachtanach go bhfaigheadh InSight comharthaí seismeacha, agus bealach cinnte amháin chun iad a fháil is ea ó thuinsimh na mbóilídí ar dhromchla Marsa. Is féidir le hInSight tuinsimh mhóra a tharlaíonn i bhfad ón árthach tuirlingthe a bhrath, agus tuinsimh bheaga níos gaire dó.

San íomhá HiRISE úrnua seo, a ghlacadh chun láthair thuirlingthe a deimhniú don mhisean, léirítear cráitéar dearscnaitheach le himeall an-ghéar is eisteilgeáin atá níos doirche is níos goirme ná beagnach iomláine an réigiúin dheannach-chlúdaithe seo. Ní mór gur tuinseamh an-úrnua é seo mar nach raibh dóthain ama chun go luífeadh an deannach atmaisféarach ar fud an bhaill is go n-athghealódh sé an dromchla.

Le fírinne, maíonn iomhánna a ghlacadh roimhe seo gur fhoirmíodh é idir 2008 is 2012. Léiríonn sé seo an saghas airí a mbeidh na ceamaraí fithisithe sa tóir orthu le linn an mhisin InSight, chun iarracht a dhéanamh comharthaí seismeacha a chomhghaolú le pointe a mbunús.

Aistriúchán: Matthew Hussey

 
Dáta faighte
14 Iúil 2014

Am logánta ar Mhars
3:43 PM

Leithead
4.3°

Fad
135.3°

Fad do láithreán na targaide
274.0 km

Taifeach na híomhá
27.4 cm/pixel tá réada cearnacha timpeall 82 cm trasna léirithe

Scála na híomhá teilgthe
25 cm/pixel

Teilgean cartagrafach
Dronuilleogach (an phicsil is tá an tuaisceart thuas)

Uillinn astaithe
6.0°

Uillinn phais
49.8°

Grianuillinn
56°, agus tá an Ghrian suite 34° céim os cionn na léaslíne

Grianfhad
161.1°, Samhradh tuaisceartach

JPEG
Dubh is bán:
Teilgean cartagrafach
Teilgean neamhchartagrafach

IDG dath:
Teilgean cartagrafach
Teilgean neamhchartagrafach

IDG i gcomhar:
Teilgean cartagrafach

DGG i gcomhar:
Teilgean neamhchartagrafach

DGG dath:
Teilgean neamhchartagrafach

JP2
Dubh is bán:
Teilgean cartagrafach   (1290MB)

IDG dath:
Teilgean cartagrafach   (711MB)

JP2 EXTRAS
Dubh is bán:
Teilgean cartagrafach   (682MB)
Teilgean neamhchartagrafach   (714MB)

IDG dath:
Teilgean cartagrafach   (332MB)
Teilgean neamhchartagrafach   (633MB)

IDG i gcomhar:
Teilgean cartagrafach   (337MB)

DGG i gcomhar:
Teilgean cartagrafach   (345MB)

DGG dath:
Teilgean neamhchartagrafach   (584MB)
Eolas breise ar an íomhá
Lipéad dubh is bán
Dath
Lipéad IDG i gcomhar
Lipéad DGG i gcomhar


Íomhánna: Gach íomhánasc le cúltarraingt & sileadh don HiView, nó cliceáil le híoslódáil.

Polasaí Úsáide
Tá na híomhánna go léir, atá táirgthe ag NASA agus insroichte ar an láithreán seo, taobh istigh den bhfearann poiblí: níl aon teorannú ar a n-úsáid ag éinne san saol poiblí, eagraíochtaí nuachta nó eolaíochta san áireamh. Ach iarraimid an líne seo chreidiúna más féidir:
Iomhá: NASA/JPL/Ollscoil Arizona

Addendum
Is é atá i HiRESE ná an ceamara is cumhachtaí riamh a seoladh chuig pláinéad eile. Anois is féidir linn Mars a scrúdú le taifeach dochreidte, nach-bhfacthas-riamh-roimhe-seo. Is í an t-aon acmhainn atá ag NASA as Gaeilge.