Airéas 3 agus An Marsach
NASA/JPL-Caltech/UArizona
Airéas 3 agus An Marsach
ESP_026086_2115
Béarla   

twitter 
San úrscéal “An Marsach” le Andy Weir, caitheann an spásaire tréigthe Mark Watney an chuid is mó dá am ag ionad “Airéas 3” i bplána Acidalia theas. Tugann an leabhar tuairisc ar Acidalia mar mhaol agus éasca le tiomáint air - tiománann sé fiú go dtí ionad tuirlingthe Pathfinder agus ar ais arís.

Le fírinne tá an réigiún seo ar Mhars cuid mhaith níos éagsúla, níos spéisiúla, agus níos contúirtí ná mar a chuirtear síos air san úrscéal. Tá an dá íomhá seo i ngar don ionad tuirlingthe Airéas 3 atá léirithe san léarscáil ag tús an úrscéil, agus léiríonn siad roinnt mhaith charn, bolcáin sheanársa b’fhéidir mar thoradh ar idirghníomhú laibhe-uisce nó brúchtadh dríodar láibeach.

Tá cuid mhór de Phlána Acidalia clúdaithe le réimsí plódaithe le mulláin suas le roinnt mhaith méadar in airde a mbeadh sé deacair a thiomáint timpeall orthu. Chomh maith leis sin tá scoilteanna agus polagóin ábhalmhóra, le fánaí géara carraigeacha a bheadh dothrasnaithe. Tá réimsí fadaithe lán den iliomad cráitéar tánaisteach mar a bhfuil an dromchla an-gharbh ar scálaí gar do mhéid an fhánaí féin. Nuair a thaistealaíonn ár laoch isteach i gCríoch Arabia cuirtear síos air mar níos carraigí ná Acidalia, ach is a mhalairt atá fíor den chuid is mó: tá roinnt mhaith d’Arabia clúdaithe le deannach agus é mín ar scála an fhánaí.

De ghnáth cuireann daoine i gcás go gciallaíonn mín ar scála mór (i gciliméadair) go bhfuil sé mín ar scála beag (i méadair nó deicheanna méadar). Go minic ar Mhars, is a mhalairt a bhfeictear: bíonn fairsingí móra maola ísle níos sciúrtha ag an ngaoth, rud a bhaineann ábhair mhíne chun siúil is a fhágann carraigeacha is bonn creimthe.

Aistriúchán: Matthew Hussey

 
Invalid parameter for observation_ID: