Stríoca Geala Claonta i gCríoch Arabia
NASA/JPL-Caltech/UArizona
Stríoca Geala Claonta i gCríoch Arabia
ESP_038044_1965
Béarla   

twitter 
Léiríonn an breathnú seo stríoca claonta geala is dorcha i gcráitéir i réigiún Críoch Arabia.

Tá foirmiú stríoc claonta i measc an bheagán próiseas a bhfuilimid cinnte go bhfuil siad gníomhach i láthair na huaire ar Mhars. Tá conspóid ann fós ar an gcúis a d’fhéadfadh a bheith leis na stríoca claonta, agus moladh próisis idir thirim is fliuch chun a bhfoirmiú a mhíniú. Den chuid is mó creidtear go bhfoirmítear iad trí ghluaiseacht ghainimh fhíor-thirim nó dheannaigh fhíor-mhínghráinnigh, tiomáinte le himtarraingt ar mhodh beagnach silteach (cosúil le maidhm sneachta dhomhanda), chun ábhar íochtarach níos doirche a nochtadh.

Is óige na stríoca claonta is doirche agus feictear iad ag gearradh trasna is ag luí anuas ar na stríoca níos sine le tonú níos gile. Meastar gurb é atá sna stríoca le tonú geal ná stríoca dorcha atá ag gealadh le himeacht ama de réir mar a fhosaítear deannach nua ar a ndromchlaí. Nuair a tharlaíonn siad, bíonn na stríoca claonta dorcha níos flúirsí de ghnáth ná na stríoca geala. Sa limistéar seo áfach, feictear go bhfuil stríoca claonta geala leithleacha níos flúirsí ach go háirithe sa dá chráitéar níos lú ar an dá thaobh den chráitéar mór i lár na híomhá.

Aistriúchán: Matthew Hussey

 
Dáta faighte
07 Meán Fómhair 2014

Am logánta ar Mhars
3:44 PM

Leithead
16.3°

Fad
28.0°

Fad do láithreán na targaide
279.0 km

Taifeach na híomhá
27.9 cm/pixel tá réada cearnacha timpeall 84 cm trasna léirithe

Scála na híomhá teilgthe
25 cm/pixel

Teilgean cartagrafach
Dronuilleogach (an phicsil is tá an tuaisceart thuas)

Uillinn astaithe
1.3°

Uillinn phais
58.3°

Grianuillinn
60°, agus tá an Ghrian suite 30° céim os cionn na léaslíne

Grianfhad
192.2°, Fómhar tuaisceartach

JPEG
Dubh is bán:
Teilgean cartagrafach
Teilgean neamhchartagrafach

IDG dath:
Teilgean cartagrafach
Teilgean neamhchartagrafach

IDG i gcomhar:
Teilgean cartagrafach

DGG i gcomhar:
Teilgean neamhchartagrafach

DGG dath:
Teilgean neamhchartagrafach

JP2
Dubh is bán:
Teilgean cartagrafach   (1078MB)

IDG dath:
Teilgean cartagrafach   (570MB)

JP2 EXTRAS
Dubh is bán:
Teilgean cartagrafach   (592MB)
Teilgean neamhchartagrafach   (543MB)

IDG dath:
Teilgean cartagrafach   (222MB)
Teilgean neamhchartagrafach   (472MB)

IDG i gcomhar:
Teilgean cartagrafach   (262MB)

DGG i gcomhar:
Teilgean cartagrafach   (249MB)

DGG dath:
Teilgean neamhchartagrafach   (446MB)
Eolas breise ar an íomhá
Lipéad dubh is bán
Dath
Lipéad IDG i gcomhar
Lipéad DGG i gcomhar


Íomhánna: Gach íomhánasc le cúltarraingt & sileadh don HiView, nó cliceáil le híoslódáil.

Polasaí Úsáide
Tá na híomhánna go léir, atá táirgthe ag NASA agus insroichte ar an láithreán seo, taobh istigh den bhfearann poiblí: níl aon teorannú ar a n-úsáid ag éinne san saol poiblí, eagraíochtaí nuachta nó eolaíochta san áireamh. Ach iarraimid an líne seo chreidiúna más féidir:
Iomhá: NASA/JPL/Ollscoil Arizona

Addendum
Is é atá i HiRESE ná an ceamara is cumhachtaí riamh a seoladh chuig pláinéad eile. Anois is féidir linn Mars a scrúdú le taifeach dochreidte, nach-bhfacthas-riamh-roimhe-seo. Is í an t-aon acmhainn atá ag NASA as Gaeilge.