Sioc Buan i gCráitéar ar na Plánaí ó Thuaidh
NASA/JPL-Caltech/UArizona
Sioc Buan i gCráitéar ar na Plánaí ó Thuaidh
ESP_037551_2540
Béarla   

twitter 
Is neamhbhuan an chuid is mó den oighear ar Mhars. Is é atá sna fosuithe sraithaithe molacha ná cairn doimhne oighir bhuain uisce ag gach mol, agus is féidir gurb é atá sa chaipín fuilligh ag an Mol Theas ná sraith bhuan (más dinimiciúil é) oighir dhéocsaíd charbóin. Ag leithid níos ísle áfach, tagann is imíonn sioc séasúrach (CO2 den chuid is mó, ach roinnt oighir uisce) gach bliain.

Faightear roinnt asluiteach oighir uisce i ngar d’fhosuithe sraithithe an Mhoil Thuaidh. I gcuid mhaith chásanna tá siad seo carntha chuig thiúis shuntasacha, mar atá i gCráitéar Lú. Sa chás seo, bhí sraith thanaí sheaca ghil infheicthe san íomhá HiRISE san samhradh luath, agus í ag clúdach cuid d’fhalla an chráitéir. Bhí an tiús beag, áfach - is beag iarmhairt atá infheicthe ar thopagrafaíocht an chráitéir. Rinne HiRISE grinniú ar an ionad seo le linn an chuid eile den séasúr agus fuair amach gur mhair an t-oighear i rith an tsamhraidh go léir, agus mar sin is paiste buan oighir é seo, bíodh is gur chrap na himill rud beag thar an samhradh.

Níl an dhéocsaíd charbóin cobhsaí faoi choinníolacha an tsamhraidh, agus mar sin is dócha gur paiste oighir uisce é seo. Is féidir go bhfuil sé ag céimeanna luatha an charntha, nó gur tanaí an méid cothromaíochta oighir i gcráitéar beag réasúnta fada ón mhol.

Airí eile den chráitéar seo nach bhfuil míniú air go fóill is ea na smearthaí dorcha leadránacha atá infheicthe ar urlár an chráitéir. Féachann siad seo cosúil le “spotaí díshioctha” a bhíonn infheicthe ar oighear déocsaíd charbóin go luath san earrach, ach amháin go dtarlaíonn siad i limistéir atá saor ó shioc agus maireann siad i rith an tsamhraidh.

Aistriúchán: Matthew Hussey

 
Dáta faighte
31 Iúil 2014

Am logánta ar Mhars
3:06 PM

Leithead
73.9°

Fad
152.3°

Fad do láithreán na targaide
319.0 km

Taifeach na híomhá
31.9 cm/pixel tá réada cearnacha timpeall 96 cm trasna léirithe

Scála na híomhá teilgthe
25 cm/pixel

Teilgean cartagrafach
>molach steiréagrafach

Uillinn astaithe
1.8°

Uillinn phais
76.7°

Grianuillinn
75°, agus tá an Ghrian suite 15° céim os cionn na léaslíne

Grianfhad
170.5°, Samhradh tuaisceartach

JPEG
Dubh is bán:
Teilgean cartagrafach
Teilgean neamhchartagrafach

IDG dath:
Teilgean cartagrafach
Teilgean neamhchartagrafach

IDG i gcomhar:
Teilgean cartagrafach

DGG i gcomhar:
Teilgean neamhchartagrafach

DGG dath:
Teilgean neamhchartagrafach

JP2
Dubh is bán:
Teilgean cartagrafach   (1356MB)

IDG dath:
Teilgean cartagrafach   (718MB)

JP2 EXTRAS
Dubh is bán:
Teilgean cartagrafach   (711MB)
Teilgean neamhchartagrafach   (565MB)

IDG dath:
Teilgean cartagrafach   (379MB)
Teilgean neamhchartagrafach   (468MB)

IDG i gcomhar:
Teilgean cartagrafach   (334MB)

DGG i gcomhar:
Teilgean cartagrafach   (333MB)

DGG dath:
Teilgean neamhchartagrafach   (453MB)
Eolas breise ar an íomhá
Lipéad dubh is bán
Dath
Lipéad IDG i gcomhar
Lipéad DGG i gcomhar


Íomhánna: Gach íomhánasc le cúltarraingt & sileadh don HiView, nó cliceáil le híoslódáil.

Polasaí Úsáide
Tá na híomhánna go léir, atá táirgthe ag NASA agus insroichte ar an láithreán seo, taobh istigh den bhfearann poiblí: níl aon teorannú ar a n-úsáid ag éinne san saol poiblí, eagraíochtaí nuachta nó eolaíochta san áireamh. Ach iarraimid an líne seo chreidiúna más féidir:
Iomhá: NASA/JPL/Ollscoil Arizona

Addendum
Is é atá i HiRESE ná an ceamara is cumhachtaí riamh a seoladh chuig pláinéad eile. Anois is féidir linn Mars a scrúdú le taifeach dochreidte, nach-bhfacthas-riamh-roimhe-seo. Is í an t-aon acmhainn atá ag NASA as Gaeilge.