Anord in Imchuach Eridania
NASA/JPL-Caltech/UArizona
Anord in Imchuach Eridania
ESP_037142_1430
Béarla   

twitter 
Eridania is ainm d’imchuach atá iniata ó thaobh topografaíochta de agus atá suite in ardchríocha deisceartacha Marsa a mhaíodh mar láthair locha mhóir sheanársa nó fharraige intíre.

Tá manglam anordúil caracán réasúnta geal suite ar na réigiúin is ílse d’urláir an imchuach, a bhfuil eiseamláir de san íomhá seo. Cuimsíonn na caracáin seo éagsúlacht mhianraí hiodráitithe a d’fhéadfadh a bheith foirmithe in uisce, ag coimeád eolais, b’fhéidir, mar gheall ar chomhshaol seanársa ináitrithe.

Shil an loch nó an fharraige seo i bpáirt chun Gleann Ma’adim a fhoirmiú, ar cainéal mór é a shil ar a sheal isteach i gCráitéar Gusev lastuaidh de. Thuirling an fánaí Spirit i gCráitéar Gusev i 2004 chun na fosuithe locha a raibh coinne leo a scrúdú, ach fuair urlár an chráitéir clúdaithe le laibhe a bhí níos óige ná an ghníomhaíocht aibhneach.

Is fearr Eridania mar láthair chun fosuithe locha a fháil, ach tá sé ró-gharbh agus baolach do na córais thuirlingthe a sheoladh chuig Mars roimhe seo.

Aistriúchán: Matthew Hussey (Fuaim: Cearbhall Ó Síocháin)

 
Invalid parameter for observation_ID: