Clasáin Seaca
NASA/JPL-Caltech/UArizona
Clasáin Seaca
ESP_037137_1360
Béarla   

twitter 
Trí staidéar a dhéanamh ar na limistéir chéanna thar thréimhsí fada ama, léiríonn ár n-íomhána go dtarlaíonn foirmiú clasán ar Mhars sa gheimhreadh is go luath san earrach ag amanna is in áiteanna le sioc ar an talamh.

Thógamar an íomhá seo go déanach sa gheimhreadh, is leanann an sioc nó an t-oighear (a bhfeictear mar limistéir bhána) ar na fánaí atá dírithe ó dheas is nach bhfuair ach íosmhéid de sholas na gréine chuige sin.

Tá na mullaigh idir ascaillí na gclasán, a bhfaigheann níos mó solais, scothdhearg is saor ó shioc den chuid is mó. Níl aon ghníomhaíocht nua chlasán follasach sa íomhá seo. Is féidir go bhfuil cothromaíocht fhíneálta i gceist: blianta áirithe spreagfaidh an sioc (a bhíonn suas le méadar ar thiús) maidhmeanna, ach ní dhéanann amhlaidh an chuid is mó den am. Is éard atá sa sioc seo den chuid is mó ná déocsaíd charbóin (oighear tirim) ach bíonn roinnt bheag oighear uisce ann freisin.

Aistriúchán: Matthew Hussey

 
Dáta faighte
29 Meitheamh 2014

Am logánta ar Mhars
3:47 PM

Leithead
-43.4°

Fad
314.7°

Fad do láithreán na targaide
256.7 km

Taifeach na híomhá
51.4 cm/pixel tá réada cearnacha timpeall 154 cm trasna léirithe

Scála na híomhá teilgthe
50 cm/pixel

Teilgean cartagrafach
Dronuilleogach (an phicsil is tá an tuaisceart thuas)

Uillinn astaithe
7.8°

Uillinn phais
81.4°

Grianuillinn
75°, agus tá an Ghrian suite 15° céim os cionn na léaslíne

Grianfhad
153.3°, Samhradh tuaisceartach

JPEG
Dubh is bán:
Teilgean cartagrafach
Teilgean neamhchartagrafach

IDG dath:
Teilgean cartagrafach
Teilgean neamhchartagrafach

IDG i gcomhar:
Teilgean cartagrafach

DGG i gcomhar:
Teilgean neamhchartagrafach

DGG dath:
Teilgean neamhchartagrafach

JP2
Dubh is bán:
Teilgean cartagrafach   (241MB)

IDG dath:
Teilgean cartagrafach   (126MB)

JP2 EXTRAS
Dubh is bán:
Teilgean cartagrafach   (83MB)
Teilgean neamhchartagrafach   (141MB)

IDG dath:
Teilgean cartagrafach   (31MB)
Teilgean neamhchartagrafach   (146MB)

IDG i gcomhar:
Teilgean cartagrafach   (273MB)

DGG i gcomhar:
Teilgean cartagrafach   (245MB)

DGG dath:
Teilgean neamhchartagrafach   (131MB)
Eolas breise ar an íomhá
Lipéad dubh is bán
Dath
Lipéad IDG i gcomhar
Lipéad DGG i gcomhar


Íomhánna: Gach íomhánasc le cúltarraingt & sileadh don HiView, nó cliceáil le híoslódáil.

Polasaí Úsáide
Tá na híomhánna go léir, atá táirgthe ag NASA agus insroichte ar an láithreán seo, taobh istigh den bhfearann poiblí: níl aon teorannú ar a n-úsáid ag éinne san saol poiblí, eagraíochtaí nuachta nó eolaíochta san áireamh. Ach iarraimid an líne seo chreidiúna más féidir:
Iomhá: NASA/JPL/Ollscoil Arizona

Addendum
Is é atá i HiRESE ná an ceamara is cumhachtaí riamh a seoladh chuig pláinéad eile. Anois is féidir linn Mars a scrúdú le taifeach dochreidte, nach-bhfacthas-riamh-roimhe-seo. Is í an t-aon acmhainn atá ag NASA as Gaeilge.