Ag Caomhnú Oighir ó Réimse Talún atá Imithe as Radharc
NASA/JPL-Caltech/UArizona
Ag Caomhnú Oighir ó Réimse Talún atá Imithe as Radharc
ESP_036815_2330
Béarla   

twitter 
Léiríonn an íomhá ón HiRISE rud a dtugtar cráitéar aonchoise air, ainmnithe mar sin de bhrí go bhfuil leibhéal an dromchla i ngar don chráitéar ardaithe i leith an réimse talún mórthimpeall air.

Tá patrúin ar an dromchla ardaithe agus imlíne ghinearálta aige cosúil lena d’fhéachfadh eisteilgeáin tar éis iad a bheith teilgthe amach ón gcráitéar ag an tuinseamh. Is dócha gur tharla an tuinseamh nuair a bhí dromchla an radhairc iomláin ag leibhéal an dromchla ardaithe. Thuirling na heisteilgeáin ar chuid den dromchla i ngar don chráitéar. Ansin bhain próiseas cnaíte ábhar chun siúil ón gcuid eile den radharc, le linn don limistéar mórthimpeall an chráitéir a bheith cumhdaithe ag na heisteilgeáin thuinsimh, rud a chosain an talamh faoi ón gcnaí is a choimeád ard í.

Is féidir go raibh oighear san réimse talún cnaíte, nó “imithe as radharc”, sa chuid eile den radharc. Maíonn idir cruthanna maothánacha ag bun na n-eisteilgeán ardaithe agus polagóin (atá infheicthe nuair a ghéarardaítear an íomhá) ar an dromchla gur féidir go raibh, nó go bhfuil fós, oighear ann. Is neamhshiméadrach patrún na n-eisteilgeán timpeall ar an gcráitéar, rud a mhaíonn gur féidir gur imbhuail an t-imbhuailteoir an talamh ón taobh thoir thuaidh.

Aistriúchán: Matthew Hussey

 
Invalid parameter for observation_ID: