Airéas 3 agus An Marsach
NASA/JPL-Caltech/UArizona
Airéas 3 agus An Marsach
ESP_026086_2115
Béarla   

twitter 
San úrscéal “An Marsach” le Andy Weir, caitheann an spásaire tréigthe Mark Watney an chuid is mó dá am ag ionad “Airéas 3” i bplána Acidalia theas. Tugann an leabhar tuairisc ar Acidalia mar mhaol agus éasca le tiomáint air - tiománann sé fiú go dtí ionad tuirlingthe Pathfinder agus ar ais arís.

Le fírinne tá an réigiún seo ar Mhars cuid mhaith níos éagsúla, níos spéisiúla, agus níos contúirtí ná mar a chuirtear síos air san úrscéal. Tá an dá íomhá seo i ngar don ionad tuirlingthe Airéas 3 atá léirithe san léarscáil ag tús an úrscéil, agus léiríonn siad roinnt mhaith charn, bolcáin sheanársa b’fhéidir mar thoradh ar idirghníomhú laibhe-uisce nó brúchtadh dríodar láibeach.

Tá cuid mhór de Phlána Acidalia clúdaithe le réimsí plódaithe le mulláin suas le roinnt mhaith méadar in airde a mbeadh sé deacair a thiomáint timpeall orthu. Chomh maith leis sin tá scoilteanna agus polagóin ábhalmhóra, le fánaí géara carraigeacha a bheadh dothrasnaithe. Tá réimsí fadaithe lán den iliomad cráitéar tánaisteach mar a bhfuil an dromchla an-gharbh ar scálaí gar do mhéid an fhánaí féin. Nuair a thaistealaíonn ár laoch isteach i gCríoch Arabia cuirtear síos air mar níos carraigí ná Acidalia, ach is a mhalairt atá fíor den chuid is mó: tá roinnt mhaith d’Arabia clúdaithe le deannach agus é mín ar scála an fhánaí.

De ghnáth cuireann daoine i gcás go gciallaíonn mín ar scála mór (i gciliméadair) go bhfuil sé mín ar scála beag (i méadair nó deicheanna méadar). Go minic ar Mhars, is a mhalairt a bhfeictear: bíonn fairsingí móra maola ísle níos sciúrtha ag an ngaoth, rud a bhaineann ábhair mhíne chun siúil is a fhágann carraigeacha is bonn creimthe.

Aistriúchán: Matthew Hussey

 
Dáta faighte
19 Feabhra 2012

Am logánta ar Mhars
2:59 PM

Leithead
31.2°

Fad
331.0°

Fad do láithreán na targaide
293.6 km

Taifeach na híomhá
ó 29.4 cm/pixel go dtí 58.7 cm/pixel

Scála na híomhá teilgthe
25 cm/pixel

Teilgean cartagrafach
Dronuilleogach (an phicsil is tá an tuaisceart thuas)

Uillinn astaithe
0.3°

Uillinn phais
40.1°

Grianuillinn
40°, agus tá an Ghrian suite 50° céim os cionn na léaslíne

Grianfhad
72.5°, Earrach tuaisceartach

JPEG
Dubh is bán:
Teilgean cartagrafach
Teilgean neamhchartagrafach

IDG dath:
Teilgean cartagrafach
Teilgean neamhchartagrafach

IDG i gcomhar:
Teilgean cartagrafach

DGG i gcomhar:
Teilgean neamhchartagrafach

DGG dath:
Teilgean neamhchartagrafach

JP2
Dubh is bán:
Teilgean cartagrafach   (916MB)

IDG dath:
Teilgean cartagrafach   (585MB)

JP2 EXTRAS
Dubh is bán:
Teilgean cartagrafach   (470MB)
Teilgean neamhchartagrafach   (348MB)

IDG dath:
Teilgean cartagrafach   (235MB)
Teilgean neamhchartagrafach   (488MB)

IDG i gcomhar:
Teilgean cartagrafach   (277MB)

DGG i gcomhar:
Teilgean cartagrafach   (269MB)

DGG dath:
Teilgean neamhchartagrafach   (501MB)
Eolas breise ar an íomhá
Lipéad dubh is bán
Dath
Lipéad IDG i gcomhar
Lipéad DGG i gcomhar


Íomhánna: Gach íomhánasc le cúltarraingt & sileadh don HiView, nó cliceáil le híoslódáil.

Polasaí Úsáide
Tá na híomhánna go léir, atá táirgthe ag NASA agus insroichte ar an láithreán seo, taobh istigh den bhfearann poiblí: níl aon teorannú ar a n-úsáid ag éinne san saol poiblí, eagraíochtaí nuachta nó eolaíochta san áireamh. Ach iarraimid an líne seo chreidiúna más féidir:
Iomhá: NASA/JPL/Ollscoil Arizona

Addendum
Is é atá i HiRESE ná an ceamara is cumhachtaí riamh a seoladh chuig pláinéad eile. Anois is féidir linn Mars a scrúdú le taifeach dochreidte, nach-bhfacthas-riamh-roimhe-seo. Is í an t-aon acmhainn atá ag NASA as Gaeilge.